Home

Fáiltígí

Fáiltígí go suíomh gréasáin Scoil an tSratha Mhóir, Gleann Domhain. 

Tá dúil againn go mbaineann sibh sult as bhur gcuairt ar ár scoil.

 

Nóta:  Thig libh amharc ar Phleananna Feabhsúcháin 

Scoile ar leathanach na n-íoslódálacha anois.

Ádh mór ar na 47 daltaí atá ag glacadh pairt i luthcleasaíocht i Finn Vally ar an 9ú Bealtaine.

 

Comhghairdeas leis na gcailíní agus na buachaillí a bhain an chéad babhta i bpeil.

Beidh siad ag imirt i gcoinne Frosses NS agus Holy Family NS ar an 16ú Bealtaine i Ghleann Fhinne.

 

Comhghairdeas do Rang 2 a rinne a chéad chomaoineach ar an Satharn 6ú Bealtaine.

 

Scoil Náisiúnta an tSratha Mhóir

 

Ráiteas Misin

Is bunscoil chomhoideachais Chaitliceach í Scoil Náisiúnta an tSratha Mhóir. 

Tá iarracht mhór á déanamh aici le timpeallacht a chur ar fáil atá eagraithe 

go maith, tuisceanach, sásta agus slán. Déantar riachtanais intleachtúla, 

spioradálta, fisiciúla agus chultúrtha na ndaltaí a aithint agus a láimhseáil inti. 

Cé gur scoil Chaitliceach í Scoil an tSratha Mhóir, tugtar aitheantas do

 chreidimh eile fosta.

Déanfaidh Scoil an tSratha Mhóir a dícheall le forbairt ghairmiúil agus

 phearsanta na múinteoirí a chur chun tosaigh, leo féin agus i gcuideachta a 

chéile, frí chláir forbartha foirne.

 

Spreagfaidh Scoil an tSratha Mhóir na tuismitheoirí a bheith gníomhach

 frí theagmhálacha baile/scoile.

 

Déanfaidh Scoil an tSratha Mhóir obair chrua lena chinntiú go mbeidh 

féinmhuinín níos fearr ag achan duine i bpobal na scoile, go mbeidh meas

 ag na daltaí ar dhaoine agus ar mhaoin agus go spreagfar freagracht iontu.

 

Cuirfidh Scoil an tSratha Mhóir comhionannas inscne chun tosaigh i measc 

na múinteoirí agus na ndaltaí.

Baill foirne agus daltaí

 

 

 

Scoil an tSratha Mhóir 2017

 

Cumann na mBunscoil

Congratulations to Danny, Christopher, Dónal, Emma and Amy who recently won The Allianz Cumann na Bunscoil Handball County Finals. All five represented Donegal in the Ulster Handball Finals in Belfast.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Our School Council are currently busy trying to achieve the school's fourth green flag. Children have been busy carrying out travel surveys in order to obtain our Travel Flag.

All children are engaged in renewing our Active School Flag by encouraging activity both inside and outside of school.

Keep up the good work!!!

 

Comhairle na Scoile 2016/17

 


View Larger Map

Schools Websites